An mhí seo caite, chuaigh mé i dteagmháil leis an Dr. Rita Kelly, oifigeach forbartha Chumann Gaelach na hEaglaise, grúpa laistigh d’Eaglais na hÉireann a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn. D’fhiafraigh mé di cá bhféadfainn cóip de Leabhar na hUrnaí Coitinne i nGaeilge a cheannach. Ní raibh mé ag súil leis, ach sheol sí an Leabhar chugam! Úaú!
Beidh mé ag déanamh Quizlet le na paidreacha coitianta, mar shampla, Paidir an Tiarna, Creideamh na nAspal, srl.

Is sampla breá é an leabhar “On Basilisk Station” den seánra ar a dtugtar “ficsean eolaíochta míleata.” Is é an chéad imleabhar é i sraith de shé úrscéal déag agus seacht gcnuasach gearrscéalta faoin bpríomhcharachtar Honor Harrington. Tá na scéalta seo bunaithe ar fhicsean cabhlaigh C.S. Forester; dúirt an t-údar David Weber gurb é Honor Harrington “Horatio Hornblower sa spás.”
Bhí mé ag glacadh páirte i rang ar a dtugtar “Peann agus Pár.” I dtéarma a trí, ba é an chéad cheacht a bhí againn ná dhá scéal do pháistí a léamh agus aistí gearra a scríobh fúthu. (Tá na scéalta
Is blag trialach é seo. Is sagart Anglacánach scortha mé (an blagálaí) agus dalta na Gaeilge. Tá mé ag fánaíocht tríd an saol, nó b’fhéidir go bhfuilim ag snámh ar bharr uisce na beatha. (Sa ghrianghraf, tá mé ar snámh sa Mhuir Mharbh.)