3. Scéalta do Pháistí

Bhí mé ag glacadh páirte i rang ar a dtugtar “Peann agus Pár.” I dtéarma a trí, ba é an chéad cheacht a bhí againn ná dhá scéal do pháistí a léamh agus aistí gearra a scríobh fúthu. (Tá na scéalta anseo.)

Seo é m’obair bhaile:

Scéal a Léigh Mé (a hAon)

Léigh mé an leabhar “Tintreach agus Toirneach” a insíonn scéal máthair agus a mac, agus a mhíníonn nádúr na stoirmeacha. Toirneach is ainm don máthair agus Tintreach is ainm don mac. Is duine ceanndána é an mac, agus bíonn fearg air go minic. Cuireann sé rudaí trí thine: feirmeacha, tithe, crainn, srl. Tá ainmhithe agus daoine maraithe aige fiú. Béiceann a mháthair air. Búireann sí mar tharbh ollmhór, ach ní thagann maith ar bith as. Nuair a dhéanann muintir na háite gearán leis an rí, díbríonn sé chun na spéire iad. Tá siad ann fós, agus sin an fáth a bhfeicimid agus a gcloisimid iad le linn stoirme inniu.

Scéal a Léigh Mé (a Dó)

Léigh mé an leabhar “An Míol agus an Rí” a insíonn scéal faoi mhíol a aistríonn óna bhaile féin go pálás. Tá an míol ina chónaí i ngruaig  chailín agus ólann sé braon dá cuid fola gach lá. Mar sin féin, tá gruaig an chailín bhréan. Cloiseann an míol faoi rí agus samhlaíonn sé go mbeadh sé go deas a bheith ina chónaí i gruaig an rí. Léimeann an míol ó ghruaig an chailín go gruaig bhuachalla, ó ghruaig an bhuachalla go dtí gruaig a mháthar, agus ó ghruaig na mháthar go dtí glúin an rí. Ach nuair a théann sé suas go dtí ceann an rí, faigheann sé amach go bhfuil an rí maol. Foghlaimíonn muid go raibh an ceart ag Robby Burns faoi phleananna fir nó lucha … nó míol.

Sin é! Go raibh maith agat as mo bhlag a léamh!

Roinn mo phostála agus lean mo bhlag le do thoil!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *