4. “An Triail” le Máiréad Ní Gráda

An dara tasc a bhí againn sa rang “Peann agus Pár” ná breathnú ar an gcéad trí nóiméad den dráma “An Triail” le Máiréad Ní Gráda. Ansin bhí orainn cúpla abairt a scríobh faoi.

Seo an méid a scríobh mé:

Dráma é seo faoi thriail mná óig a dhúnmharaigh a leanbh. Tosaíonn an dráma le guth mná. Tá sí ag rá “Mharaigh mé mo leanbh … tá m’iníon saor.”

Tar éis dúinn an admháil seo a chloisteáil, cloistear guth an ionchúisitheora. Tá sé ag labhairt chun giúiré ag rá, “Tugaigí bhur mbreith de réir na fianaise a thabharfar os bhur gcomhair agus […] de réir na fianaise sin amháin.” Deir sé nár cheart don ghiúiré ligean dá gcuid mothúchán an lámh in uachtar a fháil ar a mbreith.

Mar sin féin, deir sé freisin go n-iarrann gníomh na mná óig le díoltas ó Dhia agus ó dhaoine. Is achainí é seo do mhothúcháin an ghiúiré.

Sin é! Go raibh maith agat as mo bhlag a léamh!

Roinn mo phostála agus lean mo bhlag le do thoil!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *