5. “On Basilisk Station” le David Weber

Ba é an tríú tasc sa rang “Peann agus Pár” léirmheas gairid a scríobh ar leabhar dár rogha féin.

Thogh mé scríobh faoin úrscéal “On Basilisk Station” le David Weber:

Is sampla breá é an leabhar “On Basilisk Station” den seánra ar a dtugtar “ficsean eolaíochta míleata.” Is é an chéad imleabhar é i sraith de shé úrscéal déag agus seacht gcnuasach gearrscéalta faoin bpríomhcharachtar Honor Harrington. Tá na scéalta seo bunaithe ar fhicsean cabhlaigh C.S. Forester; dúirt an t-údar David Weber gurb é Honor Harrington “Horatio Hornblower sa spás.”

Tá trí phríomh-náisiúnstát san “Honorverse”: Ríocht Réalta Manticore, Daonphoblacht Haven, agus Conradh na Gréine. Is naimhde iad Manticore agus Haven agus tá cogadh ar siúl eatarthu. Is oifigeach í Harrington i gcabhlach spáis Manticore.

Mar oifigeach míleata baineann, tá Harrington neamhchoitianta sa seánra seo. Tá roinnt carachtair baineanna eile ann atá ina gceannairí san úrscéal: ceannairí polaitiúla, ardoifigigh mhíleata, agus banríon Manticore. Tá mná ann atá ina dtrúpaí comhraic chomh maith. Ní dhéantar aon idirdhealú idir fir agus mná sa scéal. Is leabhar é seo a bhféadfaí feimineach a thabhairt air, ach ní hé sin an cuspóir atá leis.

Má tá locht ar an leabhar seo, is é an cur síos iomarcach atá ann ar spásárthaí, airm agus comhraic, idirscartha le bréageolaíocht. Ach is “ceoldráma spáis” agus scéal fantaisíochta é, mar sin níl an locht chomh tábhachtach sin. Fiú amháin leis an locht beag seo, tá sé taitneamhach é a léamh.

Molaim an leabhar seo agus an tsraith “Honorverse” ar fad.

Sin é! Go raibh maith agat as mo bhlag a léamh!

Roinn mo phostála agus lean mo bhlag le do thoil!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *